Scéim Caipitil Ceoil 2025 Dámhachtain 3
Ends on
Á bainistiú ag Music Network á maoiniú ag An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.
Dearadh an Scéim Caipitil Ceoil de chuid Music Network chun tacú leo siúd ar mian leo uirlisí ceoil agus earraí ábhartha a cheannach chun iad a úsáid i gcomhthéacsanna ceoil bheo.
Is do cheoltóirí taibhithe aonair gairmiúla atá ag teacht chun cinn í Dámhachtain 3.
Is í an aidhm taobh thiar den dámhachtain ná tacú le ceoltóirí gairmiúla atá ag teacht chun cinn, uirlisí ceoil ar ardchaighdeán a cheannach, a chothabháil nó a dheisiú, agus earraí nó trealamh faoi leith a cheannach.
Ní mór go mbeidh iarratasóirí ar Dhamhachtain 3 os cionn 18, agus go léireoidh siad acmhainn eisceachtúil. Ní mór go mbeidh siad ag obair ag leibhéal gairmiúil agus lonnaithe i bPoblacht na hÉireann.
Tá an dámhachtain seo oscailte do cheoltóirí atá ag iarraidh gairm bheatha taibhithe a bhunú dóibh féini stíl cheoil ar bith, mar aonréadaí nó mar chuid de ghrúpa nó ensemble beag.
Is éard atá i gceist againn le ‘ceoltóirí aonair gairmiúla atá ag teacht chun cinn’ ná ceoltóirí os cionn 18 a bhíonn ag seinm go poiblí i stíl cheoil ar bith, atá i mun máistreacht a fháil ar a gcleachtadh taibhithe ceoil, agus atá sna blianta tosaigh dá ngairm taibhithe gairmiúil.
Tá roinnt taithí agat ach níl bonn láidir faoin gcáil atá ort fós mar cheoltóir taibhithe gairmiúil. Aithníonn tú féin gur ceoltóir taibhithe gairmiúil atá ionat, agus aithníonn do phiaraí an rud céanna.
Léigh go cúramach na Treoirlínte do Dhámhachtain 3 ón Scéim Caipitil Ceoil 2025 (anseo) roimh duit an fhoirm iarratais a chomhlánú.