You attempted to access a category that has expired and is no longer available.

Award 1 is intended to support the purchase, maintenance and/or repair of instruments by organisations involved in the non-professional performance of music. (NB: References to ‘instruments’ throughout the application form can be understood to refer to all proposed instruments for purchase and/or other eligible items, per the list on page 2 of the Music Capital Scheme 2024 Award 1 Guidelines). 

It is open directly to non-professional performing groups/ensembles in any genre. It is also open to community, youth and resource organisations who oversee music performance in the non-professional sector. N.B. applications must relate to instruments that will be used by non-professional performers only, and instruments must be used for rehearsal/tuition and performance.

 

Please study the Music Capital Scheme 2024 Award 1 Guidelines (here) before completing your application form.

Is é is aidhm le Dámhachtain 1 ná tacú le heagraíochtaí a bhfuil baint acu le taibhiú neamhghairmiúil ceoil chun uirlisí a cheannach, a chothabháil agus/nó a dheisiú. (NB: Is féidir tagairtí do ‘uirlisí’ síos tríd an doiciméad seo a thuiscint mar thagairt do na huirlisí go léir atá beartaithe lena gceannach agus/nó baill eile incháilithe, de réir an liosta ar leathanach 2 de na Treoirlínte maidir le Dámhachtain 1 de Scéim Caipitil Ceoil 2024). Tá sé oscailte go díreach do ghrúpaí taibhiúcháin/buíonta ceoil neamhghairmiúla in aon seánra ar bith. Tá sé oscailte freisin d’eagraíochtaí pobail, óige agus acmhainní a dhéanann maoirseacht ar thaibhithe ceoil san earnáil neamhghairmiúil. N.B. Ní mór go mbainfeadh iarratais le huirlisí a mbeidh ceoltóirí neamhghairmiúla agus iad sin amháin ag seinm orthu, agus ní mór na huirlisí sin a úsáid chun críocha cleachtaidh/teagaisc agus taibhithe.

Léigh go cúramach na Treoirlínte maidir le Dámhachtain 1 de Scéim Caipitil Ceoil 2024 (anseo) sula gcuirfeá ar aghaidh d’fhoirm iarratais.

Award 2 is designed to provide support for highly-skilled individual established performing musicians working at a professional level, who seek support for the purchase of high quality instruments that are central to their performing career. NB: References to ‘instruments’ throughout the application form can be understood to refer to the proposed instrument for purchase and/or other eligible item(s). NB: References to ‘instruments’ throughout the application form can be understood to refer to the proposed instrument for purchase and/or other eligible item(s), per the list on page 2 of the Music Capital Scheme 2024 Award 2 Guidelines.

Established professional performing musicians are defined as those, of any age and performing in any genre, who have a demonstrable track record in professional music performance, although they may not earn income continuously/exclusively from their performance practice. They identify, and are recognised by their peers, as professional performing musicians. This award is open to musicians working as a high-level performer in a solo capacity or as part of a small group/ ensemble/collective in any musical genre.

Please study the Music Capital Scheme 2024 Award 2 Guidelines (here) before completing your application form.

Leagtar amach dámhachtain 2 chun tacaíocht a chur ar fáil do cheoltóirí aonair sároilte a bhfuil gairm chruthaithe acu a bheith ag seinm ceoil ar stáitse ag leibhéal gairmiúil, ar ceoltóirí iad a bhfuil tacaíocht á lorg acu chun uirlisí ardchaighdeáin a bheidh ríthábhachtach dá ngairm ar stáitse a cheannach. NB: Is féidir tagairtí do ‘uirlisí’ síos tríd an doiciméad seo a thuiscint mar thagairt do na huirlisí atá beartaithe lena gceannach agus/nó ball/baill eile incháilithe, de réir an liosta ar leathanach 2 de na Treoirlínte maidir le Dámhachtain 2 de Scéim Caipitil Ceoil 2024.

Is é is brí le ceoltóirí gairmiúla a bhíonn ag seinm ar stáitse ná ceoltóirí d’aois ar bith a sheinneann ceol de sheánra ar bith a bhfuil dea-theist ar féidir a léiriú orthu, cé nach gá go dtuilleann siad ioncam go leanúnach/go heisiach as a bheith ag seinm ceoil. Deir siad féin gur ceoltóirí gairmiúla a bhíonn ag seinm ar stáitse iad, agus is mar sin a aithníonn a bpiaraí iad. Tá an dámhachtain seo oscailte do cheoltóirí a oibríonn ina dtaibheoirí ardleibhéil, bíodh sin i gcáil aonréadaithe nó mar dhuine de ghrúpa beag/ensemble/chomharghrúpa in aon seánra ar bith.

Léigh go cúramach na Treoirlínte maidir le Dámhachtain 2 de Scéim Caipitil Ceoil 2024 (anseo) sula gcuirfeá ar aghaidh d’fhoirm iarratais.

Award 3 is designed to provide support for individual emerging performing musicians demonstrating exceptional potential and working at a professional level, who seek support for the purchase of high quality instruments that are central to their performing career. NB: References to ‘instruments’ throughout the application form can be understood to refer to the proposed instrument for purchase and/or other eligible item(s), per the list on page 2 of the Music Capital Scheme 2024 Award 3 Guidelines.


Emerging professional performing musicians are defined as those, of any age and performing in any genre, who are in the process of mastering their music performance practice and are in the early years of establishing a professional performing career. They have some experience but have not yet established a solid reputation as professional performing musicians, and they identify, and are recognised by their peers, as professional performing musicians. This award is open to musicians working as a high-level performer in a solo capacity or as part of a small group/ensemble/collective in any musical genre.

Please study the Music Capital Scheme 2024 Award 3 Guidelines (here) before completing your application form.

Leagtar amach dámhachtain 3 chun tacaíocht a chur ar fáil do cheoltóirí aonair atá ag teacht chun cinn, a léiríonn go bhfuil an-mhianach iontu agus a bhíonn ag obair ag leibhéal gairmiúil, ar ceoltóirí iad a bhfuil tacaíocht á lorg acu chun uirlisí ardchaighdeáin a bheidh ríthábhachtach dá ngairm ar stáitse a cheannach. NB: Is féidir tagairtí do ‘uirlisí’ síos tríd an doiciméad seo a thuiscint mar thagairt do na huirlisí atá beartaithe lena gceannach agus/nó ball/baill eile incháilithe, de réir an liosta ar leathanach 2 de na Treoirlínte maidir le Dámhachtain 3 de Scéim Caipitil Ceoil 2024.

Is é is brí le ceoltóirí aonair gairmiúla atá ag teacht chun cinn agus a bhíonn ag seinm ar stáitse ná ceoltóirí d’aois ar bith a sheinneann ceol de sheánra ar bith atá ag tabhairt faoi mháistreacht a fháil ar a gcleachtas ceoil ar stáitse agus atá sna blianta luath de shlí bheatha ghairmiúil a bhaint amach dóibh féin ag seinm ceoil ar stáitse. Tá taithí de shaghas éigin acu, ach níl cáil mhór bainte amach acu go fóill mar cheoltóirí gairmiúla a bhíonn ag seinm ar stáitse. Deir siad féin gur ceoltóirí gairmiúla a bhíonn ag seinm ar stáitse iad, agus is mar sin a aithníonn a bpiaraí iad. Tá an dámhachtain seo oscailte do cheoltóirí a oibríonn ina dtaibheoirí ardleibhéil, bíodh sin i gcáil aonréadaithe nó mar dhuine de ghrúpa beag/ensemble/chomharghrúpa in aon seánra ar bith.


Léigh go cúramach na Treoirlínte maidir le Dámhachtain 3 de Scéim Caipitil Ceoil 2024 (anseo) sula gcuirfeá ar aghaidh d’fhoirm iarratais.