Scéim Caipitil Ceoil 2025 Dámhachtain 2
Ends on
Á bainistiú ag Music Network á maoiniú ag An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.
Dearadh an Scéim Caipitil Ceoil de chuid Music Network chun tacú leo siúd ar mian leo uirlisí ceoil agus earraí ábhartha a cheannach chun iad a úsáid i gcomhthéacsanna ceoil bheo.
Is do cheoltóirí taibhithe aonair seanbhunaithe a oibríonn ar bhonn gairmiúil í Dámhachtain 2.
An aidhm taobh thiar den dámhachtain seo ná tacú le ceoltóirí gairmeacha seanbhunaithe uirlisí ceoil a cheannach, a chothabháil nó a dheisiú, agus trealamh faoi leith a cheannach.
Ní mór d’iarratasóirí ar Dhámhachtain 2 a bheith os cionn 18, ag obair ag leibhéal gairmiúil, agus a bheith lonnaithe i bPoblacht na hÉireann.
Tá an dámhachtain seo oscailte do cheoltóirí atá ag obair ar ardleibhéal i stíl cheoil ar bith, ina n-aonair nó mar chuid de ghrúpa beag.
Le ‘ceoltóirí taibhithe aonair sheanbhunaithe a oibríonn ar bhonn gairmiúil’ áirítear ceoltóirí os cionn 18 a oibríonn i stíl cheoil ar bith, a bhfuil dea-theist acu i léiriúcháin cheoil ghairmiúla. Is cuma mura dtuilleann tú ioncam go leanúnach nó ón gceol amháin. Is leor go n-aithníonn tú, agus go n-aithníonn do phiaraí, gur cheoltóir taibhithe gairmiúil atá ionat.
Roimh duit an fhoirm iarratais a chomhlánú, léigh go cúramach na Treoirlínte don Scéim Caipitil Ceoil 2025 Dámhachtain 2 (anseo)